Scoileanna

Daisi

A Thuismitheoirí & a Mhúinteoirí Dhílse,

Tá scéim a reáchtáil ag Uachtarlanna Dhún na nGall ar a dtugtar Scéim an AE um Bhainne do Scoileanna. Faoin scéim, is féidir le daltaí cartán 189ml bainne a fháil gach lá ar phraghas laghdaithe, amhail le luach iontach maith ar an airgead. Tig le cartán bainne cuidiú leo moladh na Roinne Sláinte i ndáil le 3 riar bainne, cáis nó íogart gach uile lá (3-sa-Lá) a shásamh.

Cabhraíonn bainne le cothabháil cnámha agus fiacla láidre, meáchan sláintiúil coirp agus cuireann sé próitéin, fuinneamh agus vitíminí agus mianraí atá riachtanach don fhás ar fáil don chorp.

Dá mba mhaith leat go mbeadh do scoil páirteach inár scéim bainne do scoileanna, líon isteach an fhoirm iarratais thíos, le do thoil.

Scéim Bainne do Scoiileanna

Cén fáth Bainne Scoile?
Soláthraíonn bainne níos mó ná 30% den chailciam atá riachtanach do pháistí bunscoile go laethúil agus 20% den chailciam atá de dhíth ar dhaltaí dara leibhéal. Ní chuireann deoch ar bith eile a leithéid de phacáiste cuimsitheach cothaithe ar fáil faoi choinne fiacla láidre, vitimíní agus mianraí riachtanacha, próitéin agus fuinneamh do neartú coirp ar chostas chomh híseal!

Lena chois sin, tá sé de nádúr sa bhainne tacú le scoil ar bith a chuireann polasaí do shiúcra íseal chun tosaigh i measc na ndaltaí. Cuideoidh sé fosta le do chuid daltaí cloí le moladh na Roinne Sláinte i ndáil le 3 riar bainne, cáis nó íogart gach lá (3-sa-lá)

Cén dóigh a oibríonn an Scéim?
Tuigeann Uachtarlanna Dhún na nGall go maith an iarracht atá le déanamh ag múinteoirí chun go nglacfaí leis an Scéim ina scoil agus beidh tacaíocht ar fáil le déanamh cinnte go rachaidh riarachán na Scéime ar aghaidh go mín réidh. Tig le hUachtarlanna Dhún na nGall cuisneoir a chur ar fáil don scoil fosta, a bhuíochas sin don Chomhairle Náisiúnta Déiríochta, ar mhaithe le húire agus milseacht bhlasta ‘Daisi’ a chinntiú dá bhur ndáltaí.

Cuirfidh Uachtarlanna Dhún na nGall dóthain bileog le heolas faoin Scéim Bainne ar fáil don scoil. Tig ceann acu seo a thabhairt do gach páiste le tabhairt abhaile ag a dtuismitheoirí le síniú más mian leo a bheith páirteach sa scéim. Caithfidh tú an costas do sholáthar téarma amháin a chomhlánú (ag brath ar an dáta tosaithe agus líon na laethanta atá fágtha sa téarma - 18cent). Beidh ort an t-airgead don téarma a bhailiú ó na daltaí agus ansin beidh muidne ábalta tú a chlárú don Scéim Bainne Scoile agus na socruithe a dhéanamh i gcomhair do chuid riachtanas laethúil a sheachadadh.

Cuirfidh Uachtarlanna Dhún na nGall sonrasc chuig an scoil uair sa mhí, sonrasc a bheas bunaithe ar líon na ndaltaí atá rannpháirteach agus líon na laethanta sa téarma. Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, faigh i dteagmháil linn, le do thoil, ag an uimhir 074 9149127 nó cuir ríomhphost chuig info@daisi.ie.


Comhlánú na mbileog do bhainne scoile

Caithfidh an scoil costas an bhainne ar feadh an téarma a líonadh isteach ar na bileoga sula dtabharfar na bileoga do na daltaí. Beidh an costas don téarma ionann le líon na laethanta ó dháta tosaithe na scéime bainne go deireadh téarma na scoile, méadaithe fá 18 cent.

Nuair a thabharfaidh na daltaí na bileoga ar ais chun na scoile, cuir líon iomlán na ndaltaí a bheas ag baint tairbhe as an scéim bainne in iúl do Uachtarlanna Dhún na nGall, le do thoil, maraon leis an dáta tosaithe atá beartaithe. Is féidir é seo a dhéanamh ar an teileafón nó go díreach an fhoirm ar-líne a chomhlánú, féach thíos.

Foirm Iarratais na Scéime Bainne

 

* Cuir fógra coicíse san áireamh