Sláinte agus Cothú

Feachtas Daisi do 3 sa Lá

An raibh a fhios agat go gcuirfidh trí riar de bhia déiríochta sa lá beagnach iomlán an chailciam atá de dhíth ar an chorp ar fáil d’fhormhór na ndaoine. Ach tá níos mó sa bhainne ná cailciam amháin. Cuireann sé ar fáil cnuasach suntasach d’ocht gcothaitheach riachtanach, ina bhfuil buntáistí ó choinneáil craiceann agus gruaig sláintiúil go cothabháil feidhmiú normálta matán agus sláinte súl. Ba mhaith liomsa agus na cailíní go mbeadh slí mhaireachtála fholláin agat agus go gcruthófar cnámha duit a mhairfeas fad saoil! Sin an fáth a bhfuil liosta fíricí curtha le chéile againn ar mhaitheas an bhainne agus an fáth go bhfuil sé tábhachtach de bhia déiríochta a fháil.

Roghanna 3-sa-lá

Buntáistí ó ghloine bainne, pota íogairt agus píosa beag cáise (ar mhéid bosca cipíní solais) gach lá:

  • cuirtear ar fáil an méid cailciam atá molta dúinn
  • cuidíonn sé brú fola a choinneáil folláin
  • d’fhéadfadh sé baol ailse inne agus brollaigh a laghdú
  • maith d’fholláine cnámh
  • cuirtear ar fáil níos mó ná ocht gcinn de na cothaithigh riachtanacha
  • sábháilte d’fhiacla páistí
  • d’fhéadfadh sé cuidiú le meáchan a choinneáil faoi smacht
  • blas iontach!

Ocht gcothaitheach riachtanacha

  • Vitimín A – Riachtanach d’amharc na súl, fás agus craiceann folláin.
  • Vitimín B2 – Cuidíonn sé fuinneamh a ghiniúint ó bhia agus tá sé tábhachtach i gcomhair craiceann, gruaig, súile agus ionga folláine.
  • Vitimín B12 – De dhíth faoi choinne cealla fola dearga agus nearóga a dhéanamh.
  • Sinc – Tábhachtach don fhás, do chraiceann agus gruaig fholláin, cneasú créachta agus córas imdhíonach láidir.
  • Cailciam – Riachtanach d’fhiacla agus cnámha láidre. Lena chois sin, tá sé tábhachtach d’fheidhmiú néaróg agus matán.
  • Maignéisiam – Tábhachtach do chrapadh matán agus feidhmiú nearóg. De dhíth fosta faoi choinne cinn fholláine.
  • Fosfar – Tábhachtach do struchtúr na gcnámh agus na bhfiacla agus do ghiniúint fuinnimh i gcealla an choirp.
  • Próitéin – Ag teastáil i gcomhair fás agus athchóiriú na bhfíochán go léir sa chorp agus do chóras imdhíonach sláintiúil.

Maitheas an Bhainne

  • De ghnáth, táirgeann bó oiread bainne in aghaidh na bliana is a líonfadh suas le 20,000 gloine bainne.
  • Is táirge nádúrtha atá i mBainne Úr agus tá sé saor ó bhreiseáin.
  • Tá cailciam ríthábhachtach faoi choinne cnámha agus fiacla folláine. Tá an oiread céanna cailciam i ngloine bainne is atá iontu seo a leanas:
    • 12 píosa spionáiste, nó,
    • 4 phíosa brocailí.
  • Cuireann 1 pionta (568ml) bainne (iomlán, leath-scimeáilte nó scimeáilte) ar fáil 85%, ar a laghad, den Chiondáil Mholta Laethúil (CML/RDA) de chailciam do dhaoine fásta.
  • Tá bainne cineálta leis na fiacla i gcomparáid le deochanna in a bhfuil cuid mhór siúcra nó aigéad.
  • I gcontrárthacht leis an bharúil choitianta, NÍL mórán saille i mbainne. Tá i bhfad níos lú saille i mbainne ná mar a mheasann daoine: níl ach 3.9% saill sa bhainne; i mbainne leath-scimeáilte tá níos lú ná a leath sin (1.7% saill); agus is fíorbheagán saille (0.3% saill) atá i mbainne scimeáilte. Siocair nach gcuireann bainne ar fáil ach tuairim is 6% den saill in aiste bia na nÉireannach, is beag tionchar atá aige ar to fat intake.
  • Tá bainne tábhachtach in aiste bia gach uile aoisghrúpa, idir óg agus aosta, agus tionchar mhór aige ar gach staid den fhorbairt, go speisialta le linn a bheith ag iompar clainne, ag tabhairt cíche/ag baint leanbh den chíoch.