Seachadadh

Haigh!
Is féidir liomsa agus na cailíní (Luci, Suzi, Betsi, Kirsti agus an ceann is déanaí a tháinig inár measc, Sophi, lena Bainne Beagmhéathrais ‘SuperMilk’) cuairt a thabhairt ort i do bhaile am ar bith, a bhuíochas do na daoine cairdiúla áitiúla a thugann do chuid bainne go dtí do dhoras!
Cibé ag greadadh báistí, clocha sneachta nó ag spalladh gréine atá an aimsir, ciallaíonn áisiúlacht agus iontafacht ár seirbhís sheachadta go leac an dorais nach bhfuil aon ghá a bheith imníoch go n-éireofá gann inár gcuid soláthairtí de bhainne milis!
Tá ár lucht seachadta bainne (agus mórán dá ngaolta rompu) ag freastal ar an phobal ar feadh na mblianta fada.
Ba mhaith liomsa agus na cailíní sibh go léir bhur ngloine lán de bhainne úr a ardú agus sláinte na laochra áitiúla a sheachadaíonn an bainne a ól!

X Daisi

PS: Dá mba mhaith leat soláthar rialta de bhainne úr go dtí do dhoras, níl le déanamh agat ach fáil i dteagmháil le hUachtarlanna Dhún na nGall ag an uimhir 074 9149127 nó le ríomhphost chuig info@daisi.ie agus d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir teileafóin a fhágáil.
Fiosróidh muid an bhfuil seirbhís sheachadta ar fáil i do cheantar agus, má tá, tabharfaidh muid do chuid sonraí don fhear seachadta bainne sa cheantar sin.

Cuimnigh, mar sin féin, go bhfuil seirbhís sheachadta go dtí leac an dorais faoi réir ag infhaighteacht i do cheantar – mura bhfuil, cuirfidh muid é sin in iúl duit.

Níl le déanamh agat ach a insint dúinn cad iad na táirgí deasa a ba mhaith leat, cé chomh minic agus cá háit a bhfuil do dhoras lonnaithe :-)
Faoi réir ag seirbhís sheachadta a bheith ag feidhmiú i do cheantar.