é muidne
Scéal an Bhainne
Is i gCúil na gCuirridín, i nDún na nGall, a rugadh Daisi, a shíolraigh ó shliocht de Bha Bainne a théann i bhfad siar agus atá ag cur bainne ar fáil do Uachtarlanna Dhún na nGall ar feadh corradh agus 100 bliain.
Cosúil lena sinsir roimpi, tá dúil mhór ag Daisi ina ról sa tsaol agus tá sí thar a bheith bródúil as, sé sin a bheith ag cur bainne úr ar fáil do theaglaigh Dhún na nGall gach uile lá.
Is as Dún na nGall agus a chúlcríocha a thagann a cuid cairde go léir fosta - Luci, Suzi, Kirsti agus Bettsi – agus na mílte bó eile a sholáthraíonn bainne don Uachtarlann.
Saothraíonn na ba go maith faoi chúram tuairim is 200 feirmeoir ceanúil, ach bíonn neart ama ag na ba le súgradh le chéile agus is breá leo a bheith ag máinneáil thart sna cuibhrinn agus ag déanamh an rud is ansa leo…ag athchogaint!
Stair
Amlíne
| Bliain | Buaicphointí |
|---|---|
|
1898
|
Bunaíodh Comharchumann Ghleann Fhinne |
|
1899
|
Osclaíodh Uachtarlann i gCúil na gCuirridín, Contae Dhún na nGall |
|
1970
|
Chuaigh Comharchumainn Ghleann Fhinne, Leitir Ceanainn agus Theach Baoithín i gceann a chéile agus bhunaigh siad Comharchumann Uachtarlann Dhún na nGall |
|
1973
|
Chuaigh Comharchumann Dhroma Loim isteach le hUachtarlanna Dhún na nGall |
|
1989
|
Rinneadh Cuideachta Phoiblí Theoranta (CPT) d’Uachtarlanna Dhún na nGall |
|
1996
|
Gléasra curtha isteach do Bhainne Ultraithéite (UHT) |
|
2005
|
Ennis Foods anois ina fhochuideahta faoi lánúinéireacht Uachtarlanna Dhún na nGall |
|
2006
|
Athsheoladh branda Uachtarlanna Dhún na nGall, le Daisi agus a cairde |

